MOBILUMAS IR TRANSPORTAS
Europos kelių saugos chartija
Kelių saugos veiksmai

Uirlis féin-mheasúnaithe

Dár ndóigh, níl sé mar aidhm ag an uirlis féin-mheasúnaithe rangú a dhéanamh do bhaill an ERSCharter; cruthaíodh é chun cabhrú do na baill sin le tiomantas agus a gcuid aicsin ar son sábháilteachta sa bhóthar a spreagadh. Dá bhrí sin, ní bheith torthaí do mheasúnaithe foilsithe ar líne, níl siad ach ag tabhairt comhaitle duit.

Conas an uirlis féin-mheasúnaithe a úsáid?

  1. Déan íoslódáil agus oscail an comhad Excel
  2. Líon an chéad leathanach le do shonraí teagmhála
  3. Tugann an dara leathanach measúnú don phróiseas a bhaineann leis an tiomantas atá agat maidir le sábháilteacht sa bhóthar le sraith ceisteanna. I gcomhair gach céime, ní mór duit do leibhéal réadaithe a chur in iúil le rogha ar an mbosca cuí. Cinntigh go bhfuil "leibhéal críochnaithe" roghnaithe agat do gach céim sula dtéann tú go dtí an chéad leathanach eile. Ní féidir ach bosca amháin do gach aon chéim a roghnú. Má éiríonn boscaí áirithe dearg, bain an tic ón bhosca míchuí. I ngach céim beidh deis agat a thuilleadh eolais a thabhairt nó tráchtanna sa réimse "trácht".
  4. Sa tríú leathanach gheobhaidh tú "measúnú suimitheach" nó ábharthacht do thiomantais do shábháilteachta sa bhóthar. I ngach ráiteas, ba chóir duit do "leibhéal comhaontaithe" a chur in iúil le rogha ar an mbosca cuí. Ní féidir ach bosca amháin fo gach aon ráiteas a roghnú. Má éiríonn boscaí áirithe dearg, bain an tic ón bhosca míchuí. I ngach ráiteas beidh deis agat a thuilleadh eolais a thabhairt nó tráchtanna sa réimse "trácht".
  5. Tar éis duit an dá leathanach measúnaithe a chríochnú, feicfidh tú na torthaí sa leathanach "torthaí".
  6. Sábháil an comhad Excel agus seol é chuig charter@vias.be.